Mna idirnaisiunta

Déanfaidh BBC Raidió Uladh ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan le eagrán speisialta de Karen na hAoine tráthnóna Dé hAoine…

Déanfaidh BBC Raidió Uladh ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan le eagrán speisialta de Karen na hAoine tráthnóna Dé hAoine ag 7.02 p.m.

Is í Karen Ní Ghallchóir a chuirfidh an clár i láthair. Beidh béim ar leith ar chúrsaí ceoil agus Rachel Holstead, cumadóir ceoil ón Daingean, Co Chiarraí, i láthair mar aon le Harriet Earis, cláirseoir ón Bhreatain Bheag; Joyce Murray, amhránaí ó Leodhas, Albain agus Méabh O'Hare, fidléir as Béal Feirste. Tá Raidió Uladh le fáil ar 92-94.5 FM nó www.bbc.co.uk/northern ireland/irish/karen.